Rinneamar rang a dó a lán obair i nGaeilge an mí seo - Mean Fomhair. D'fhoghlaim na páistí na ceisteanna agus na freagraí faoin an topaic 'Mé Féin; mar shampla, 'cad is ainm duit?', 'cén aois thú?', 'cén rang ina bhfuil tú?', 'cén dath atá ar do chuid gruaige/súile?' Bhí craic agus spraoi ag na páistí ag déanamh agaillamh neamhfhoirmiúil sa rang ansin. Chuir siad ceisteanna ar a chara agus d'fhreagair siad na ceisteanna freisin.


Bhain na páistí an-taitneamh as a bheith ag foghlaim faoin téama ' Mé Féin'. Bhí siad ag damhsa leis an amhrán 'Ceann, Gualainn, Glúin is Cos' agus d'fhoghlaim siad faoi na baill éagsúla den chorp.








Bhí Rang a Ceathair an-ghnóthach ag foghlaim faoin téama ‘Mé Féin’. Seo roinnt grianghraf díobh agus iad páirteach i dtráth na gceist faoin téama seo. Bhí an-spraoi acu agus iad ag cur a gcuid eolais i bhfeidhm!


Bhí na buachaillí agus na cailíní i rang a ceathair gnóthach ag glacadh páirte i rólimirt faoi chuairt ar an dochtúir.







Tá na páistí i Rang a Cúig agus Rang a Sé ag foghlaim faoi Fhómhar na bliana seo trí Ghaeilge. D’úsáideamar na luaschártaí seo chun an stór focal nua i mBéarla agus i nGaeilge a bhaineann leis an bhFómhar a mhúineadh do na páistí. Tá na luaschártaí ar taispeáint anois ar Bhalla na bhFocal sa seomra ranga.

Tá séasúr na Samhna buailte linn! Bhí páistí Rang a Cúig agus Rang a Sé ag foghlaim faoi Oíche Shamhna trí Ghaeilge an tseachtain seo. D’úsáideamar na luaschártaí seo chun an stór focal nua i mBéarla agus i nGaeilge a bhaineann le hOíche Shamhna a mhúineadh do na páistí. Tá na luaschártaí ar taispeáint anois ar Bhalla na bhFocal sa seomra ranga.


Bhí Rang a hAon ag foghlaim faoin téama ‘An Scoil’ i nGaeilge! 🇮🇪📚 D’fhoghlaim na páistí foclóir nua faoi shaol na scoile, ó mhálaí scoile go dtí éide scoile Kilbride NS, agus bhain siad an-taitneamh as a gcuid oibre cruthaithí! 🎒👕💚






